Afleveringen
-
Cartlann TG4 agus Blas Bluegrass, clár teilifíse atá le feiscint ar TG4 a bhí á phlé ag Gráinne Uí Chaomhánaigh ar mhír na meán inniu.
-
Puisín na mBróg le Fearghas Mac Lochlainn; An Nathair a Tháinig ar Cuairt le Julia Donaldson agus Eoinín ag an Siopa a bhí á phlé ag Áine Ní Ghlinn inniu ar mhír seachtainiúil na leabhar.
-
Zijn er afleveringen die ontbreken?
-
Tá na scórtha daoine marbh mar gheall ar an tonn teasa in iarthar na hEorpa. Phléamar an tonn teasa le Alex Hijmans,Údar agus Iriseoir san Ísiltír; An Dr. Bairbre Ní Chiosáin Léachtóir in Ollscoil Toulouse agus Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.
-
Níl ach beirt dalta cláraithe le freastal ar an nGaelcholáiste nua ag Sráid Synge i mBaile Átha Cliath i mí Meán Fómhair. Phléamar an scéal seo le Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge, Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais 2,4,6,8 i mBÁC.
-
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
-
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Julian de Spáinn (Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge, Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais 2,4,6,8 i mBÁC); Alex Hijmans (Údar agus Iriseoir san Ísiltír); An Dr. Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Áine Ní Ghlinn; Gráinne Uí Chaomhánaigh
-
An Bhreatimeacht, Tonn Teasa agus An Mhéanoirthear a bhí i measc na scéalta á phlé ag an Dr. Una Ní Bhroiméil, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá agus an Iriseoir agus Tráchtaire John Maguire.
-
Tháinig feachtas Dhónall Mhic Ruairí agus an clár Cóisir Ceoil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun an 40 amhrán is ansa leis na Gaeil chun críche inniu nuair a d'fhógair Dónall an 10 amhrán a tháinig ag barr an liosta. Labhair Dónall linn faoin bhfeachtas agus an liosta.
-
Tá tromlach na dtuismitheoirí i 29% de Ghaelscoileanna Caitliceacha na tíre ag iarraidh athrú go sainmheoin ilchreidmheach de réir anailís atá déanta ag Tús Áite ar figiúirí a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inniu. Phléamar an scéal seo le Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí, An Foras Patrúnachta.
-
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
-
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Caoimhín Ó hEaghra (Ard-Rúnaí An Foras Patrúnachta); Dónall Mac Ruairí (Láithreoir agus Léiritheoir Cóisir Cheoil); Dr. Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); John Maguire (Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras)
-
Creideann formhór de pháirtí parlaiminteach Fianna Fáil gur chóir do Mhíchéal Martin éirí as mar cheannaire ag deireadh na bliana seo más fíor do shuirbhé a rinne an Irish Examiner.
-
Amárach cothrom an lae 10 lá ó vótáil muintir na Breataine ar son na Bhreatimeachta. An mar gheall ar an mBreatimeacht a bhfuil polaitíocht na Breataine triína chéile le deich mbliana anuas.
-
Dhearbhaigh Andy Burnham go gcuirfidh sé é fhéin chun tosaigh le teacht i gcomharbacht ar Keir Starmer mar cheannaire ar pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus Príomh Aire.
-
Ciontaíodh Jeffrey Donaldson in ocht gcoir déag gnéis i gcoinne beirt bhan, a tharla nuair a bhí siad ina bpáiste. D'inis Ciaran Dunbar, Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Seachtain an Irish Independent an scéal is déanaí dúinn faoin méid a tharla.
-
Ciarán Dunbar (Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph agus Seachtain an Irish Independent); Déaglán De Bréadun (Iriseoir agus Údar); Ciara Ní Bhroin (Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas); Dr.Ralph Hurley O'Dwyer (Dochtúir agus taighdeoir ar shláinte poiblí); Pól Ó Meadhra (Saor-iriseoir agus Colúnaí le Gript.ie)
-
Scéalta móra na seachtaine á phléigh ag Marie Ní Chonchúir, údar 'Irish Hospitals in Chaos' agus saineolaí chúrsaí leighis agus an Seanadóir Ronan Mullen.
-
D'aontaigh Iosrael agus Hezbollah sos cogaidh a thosóidh tráthnóna inniu a dúirt oifigeach sinsearach de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá. Phléamar an scéal seo le Piaras Mac Éinrí, Iar-Thaidhleoir agus Léachtóir sa Roinn Tíreolaíochta, Coláiste na hOllscoile Corcaigh.
-
Dúirt Príomh-Aire na Breataine, Keir Starmer, go seasfadh sé in aon chomórtas ceannaireachta, tar éis d'Andy Burnham atá luaite mar iarrthóir ceannaireachta suíochán a bhuachaint i Westminister i bhfothoghchán. Phléamar an scéal seo le Tom O'Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.
-
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir le PA Media.
- Laat meer zien